Marcus Daly

Boc mór sa mhianadóireacht chopair i mButte, Montana, a rugadh i mBaile Shéamais Dhuibh ab ea Marcus Daly (5 Nollaig 1841 - 12 Samhain 1900). Chuaigh sé ar imirce go Nua-Eabhrac i 1856. Faoi 1861 bhí sé ag obair i mianach óir i gCalifornia, agus ansin ina mhaor oibre i mianach óir i Virginia, Nevada (1862-1868). Chaith sé roinnt blianta mar bhainisteoir ar mhianaigh airgid i Utah. I 1880 cheannaigh sé mianach airgid Anaconda a raibh méid ollmhór copair ann. Tháinig forbairt ar an leictreachas chun cinn is gá le sreanga copair, agus d'fhás mianach Anaconda iontach tapa. Bhunaigh sé comhlacht Anaconda Copper Mining i 1895. Bhruithnigh sé copar, airgead is ór freisin, agus bhí an cheárta bruithnithe is mó ar Domhan i mbaile nua Anaconda. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 1 toradh á dtaispeáint as 1 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Daly, Marcus', am iarratais: 0.00s Beachtaigh na torthaí
  1. 1

    Big game hunting and adventure 1897-1936 de réir Daly, Marcus

    Foilsithe / Cruthaithe 1937
    LEABHAR